
Fearín beag atá sa Lorgaire, ach dar leis féin is lorgaire mór é - sin duine a théann ar lorg rudaí móra. Maidir lena chara, Mac Giolla Mór, measann an Lorgaire go ndéanfadh sé cúntóir breá - d'fhéadfadh sé glas ar dhoras a bhriseadh dó, málaí troma a iompar, nó scanradh a chur ar bhithiúnaigh, fiú. Ach anois, agus an tír faoi bhagairt ag dragan fíochmhar ón Tuaisceart, níl ag déanamh imní do Mhac Giolla Mór ach a bholg. Ní hamháin go gcaithidh an Lorgaire a chompánach ocrach a mhealladh le dul ar lorg an dragain, ach caithidh siad aghaidh a thabhairt ar bhithiúnaigh den uile chineál agus, ansin, an dragan mór mílteach seo a dhíbirt as an tír. Cé a dúirt go mbeadh sé éasca!
Page Count:
0
Publication Date:
2012-01-01
Publisher:
Leabhar Breac
ISBN-10:
0898332710
ISBN-13:
9780898332711
No comments yet. Be the first to share your thoughts!